By Flan Quigney
Transcript
“Dawncing in Hala na Feel this Friday,” a fhógraíonn an chailín a léann amach an téacs a thagann ar scáileán mo chairr. Is léir ón a canúint nach dtuigeann sí Gaeilge! Tá sí ag tagairt don rince socialta a bheidh ar siúl I Halla na Féile I gCaiseal ar an Aoine dár gcionn.
Bíonn an saol is a mháthair bailithe le céile san ionad stairiúil sin gach Aoine I rith na bliana. Is tionscal é ann féin an caitheamh aimsire céanna. Idir 200 agus 300 rinceoirí díograsacha I láthair de ghnáth.
Ó chian is ó chóngar a thagann said – le cabhair ón M8 tagann said as Corcaigh, Laois, Cill Choinnigh, Luimneach, ó Thiobrad Árann féin, ar ndóigh agus ó chontaethe nach iad. Feirmeoirí, siopadóirí, banaltraí, múinteoirí, siuinéirí, foirgneoirí, pinsinéirí, cléirigh agus gach uile sort ag baint sult agus taitneamh as an oíche.
Daoine áirithe ag lorg comhluadair, daoine gafa ag an rince, daoine uaigneacha, rinceoirí singil agus pósta agus , gan amhras, daoine ag súil le grá. Mar a dúirt fear ó thuaisceart an chontae oíche amháin – agus a theanga in a leicean aige – “nach é seo, b’fhéidir, an taon deis ag fear chun greim a fháil ar bhean!”
Ag faire ar an slua bíonn sé thar a bheith suimiúil na stíleanna rince éagsúla a bhíonn le feiceáil. Cuir I gcás Pádraig, an feirmeoir, ag” eitilt” timpeall an halla, é plódaithe le hallas, é ar an triú léine ó thosaigh sé agus b’fhéidir tar éis dó cabhrú le trí bhó chun laonna a bhreith uathu I rith na maidne.
Ansin bíonn Colm, a lámh dheis sínte amach go hard agus é ar nós muileann gaoithe. Bheadh sé ciallmhar fanacht siar uaidh sin ar eagla go bhfaighfeá buile sa phus! Ceapann rinceoirí eile go mbíonn said ag tiomáint cairr, luas lasrach orthu agus iad ag “marcaíocht” chun an lána tapaidh a bhaint amach.
Agus céard faoi na jivers I lár an halla go mbíonn an oiread spáis uathu a theastódh tiománaí leoraí ollmhór?
Ach I lár na hoíche nuair a bhíonn fáilte roimh shos, cuirtear stop leis an gceol don tae. Do dhaoine áirithe, is é seo buachphointe na hoíche. Is ag an am seo a fheictear sár oibre ó na deonaigh agus iad ag doirteadh tae caifé chun scuaine mór rinceoirí a chothú. Ní fada go mbíonn deireadh le ceapairí, toirteoga, borróga agus brioscaí agus gach uile duine réidh do chuid a dó agus, b’fhéidir rinnce tacsaí. Is é sin an rince a theastaíonn go seasann na mná go léir ar thaobh amháin den halla agus go dtéann na fir ar líne ar an taobh eile. Tosaíonn an ceol agus an té a bhíonn ag barr an dá line tosaíonn siad ag rince le céile ar feadh babhta amháin den halla (de ghnáth go dtí bun an halla).
Tagann an dara duine ó na línte difriúla le céile agus ar aghaidh leo ag rince arís. Mo léan, is minic a leanann beirt rinceoir maith ag rince le céile ar feadh an set ar fad – rud nár cóir – agus is trua go minic déanann fir áirithe rinceoir lag a scaoileadh go luath agus filleadh go deireadh an line chun páirt a ghlacadh ar an scuaine arís.
Ag druidim le deireadh na hoíche bíonn daoine ag súil go mór leis an gcéad oíche eile. Ar ndóigh, bíonn rinceoirí an- tugtha do bhannaí ceoil difriúla. Cloistear moladh mór do bhannaí mar Peter Bourke, Checkers, Dermot Lyons, Michael Collins, Fran agus Muriel, Declan Aungier agus a leithéidí.
Maidir leis an gcineál damhsa , bíonn rogha flúirseach I gcónaí, idir válsanna sean ainsireacha, meárchéimeanna, válsanna malla, rock’n roll, nó an slosh.
D’éinne nach bhfuil taithí acu ar rince socialta, bí cinnte gur gnó séanmhar é ann féin. An chéad uair a fhreastail mise ar cheann, bhí na súile ag léim as mo chloigeann!
Cinnte ní bhíonn fhios riamh ag leath den domhain céard a bhíonn ar siúl ag an leath eile.