By Willie Butler
Go deo deo arís ní raghad go Caiseal
Ag díol ná ag reic mo shláinte,
Ná ar mharagadh na saoire im shuí cois balla
Im scaoinse ar leataoibh sráide.
Is minic ar mo ghabháil dom thar Chaiseal ar an mbóthar go Cluain Meala nó Cathair Dún Iascaigh a ritheann na línte thuas ón dán, “An Spaipín Fánach” tríd mo cheann. Tá siad dóite ar m’intinn ó rinne mé an Ardteist beagnach leath chéad bhliain ó shin anois. De ghnáth, iompaíonn an sruth smaointeachais a spreagann an dán ar ais go laethanta m’óige mé nuair a chaith mé treimhsí fada ag obair lámh le lámh le hoibrí feirme a bhí hireáilte ag m’athair chun cabhrú le hobair na feirme. Ag baint móna, ag piocadh prátaí no ag tarraingt biatais a bheimís de ghnáth. Ba mhinic dúinn a bheith ag obair ar feadh uaireanta fada sa phortach nó sa ghort agus na méara ag titim dínn leis an bhfuacht agus leis an tuirse. Agus más buan mo chuimhne, in ainneoin an chruatain agus na hainnise, bhíodh na hoibrí seo i gcónaí cneasta, cineálta agus gealgháireach. Mná pósta le leanaí óga sa bhaile a bhí i gcuid acu ach bhí orthú glacadh lena saol crua seo chun a gclann féin a choimeád ón ocras.
Cé go raibh mé go han óg an an am sin bhí trua agam do na hoibrí seo nach raibh aon chearta acu agus a bhí i gconaí ar an ngannchuid agus a bhí ag brath ar fheirmeoirí an cheantair chun cothrom na féinne a thabhairt dóibh.
Ach má bhí saol crua acu san, shamhlaigh cé chomh deacair is a bhí an saol do na spailpíní atá luaite sa dán, An Spailpín Fanach. Cé nach fios go cinnte cé a chum an dán tá tuairiscí ar fáil ar na deacrachtái a bhí i ndán do na fir óga seo ó Chiarraí a tháinig aníos go Tiobraid Árann chun na barraí a shabháil san Fhómhar agus cúpla scilling a dhéanamh. Bhí an-tóir orthu mar oibrí agus bhí na feirmeoirí thar a bheith sásta nuair a chonaic siad chucu iad, ach bhí dream eile nach raibh sásta ar chor ar bith iad a fheiceáil -b’shin iad na hoibrí áitiúla mar d’ísligh na cuairteoirí an pá do gach éinne.
Nuair a bhíodh na spailpíní bailithe le chéile san oíche, iad sínte ar an tuí ina gcodladh i sean seid no scioból éigean tar éis lae fada ag sclabhaíocht, is minic a deineadh ionsaí ar na cuairteoirí agus a gearradh cluas amháin díobh chur in a luí orthú nach raibh sé ceart dóibh a bheith ag dul iniomaíocht leis na spailpíní áitiúla don obair a bhí ar fáil sa cheantar.
Agus muid ag spaisteoireacht timpeall sráideanna fáilteacha, flaithiúla Caiseal inniú, ná déanaimís dearmad ar an gcruatan agus an ganntanas a d’fhulaing na mílte d’ár sinsear ar na sráideanna céanna agus faoin tuath mórthimpeall sna blianta fada atá imithe.