By Pilib Ó Duinn
Lá atá greanta i mo chuimhne, cé gur tharla sé níos mó ná tríocha bliain ó shin, ná an oíche a chuaigh mé ag collóireacht (nó ag aimsiú uisce). Bhíos tagtha go Ceapach na bhFaoiteach ó phríomhchathair na hÉireann, Baile Átha Cliath. Bhíos ag foghlaim faoi chúrsaí na tuaithe – foghlaeireacht, ag aimsiú uisce, déanamh an phoitín, póitseáil, pisreoga, cúrsáil giorriacha agus mar sin de. Bhí altra siciatrach ina chónaí sa bhaile bheag ina rabhamar lonnaithe. Bhí sé mar úinéir ar thigh tábhairne in aice linn.
Bhí sé ráite liom go raibh an bua/tallann ag an altra úd. Tharla go raibh mé ag ól pionta nó dhó ina thig tábhairne uair amháin nuair a cuireadh scairt gutháin air. Duine éigin a bhí ar an taobh eile den líne ag fiafraí de uisce a aimsiú dó ar a chuid talún. Rinneadh socrú dul ann ag collóireacht tar éis ár lá oibre roinnt laethanta ina dhiaidh sin.
Chuas go dtí a áit cónaithe ag a sé an chloig ar an Déardaoin agus abhae linn go Tiobraid Árann Thuaidh. De ghnáth, baineadh úsáid as gabhlóg sailí chun na hoibre a chur i gcrích ach sa chás seo bhí sé chun na hoibre a dhéanamh le crochadán éadaigh a bhí múnlaithe aige i gcruth speisialta.
I ndaidh taistil trí cheathrú uair an chloig, shroicheamar ár gceann scríbe. Chasamar isteach i gclós feirme agus bhuaileamar le feirmeoir catach, cairdiúil. Bhíomar i mbun cainte leis ar feadh tréimhse. D’fhiafraigh mé de an raibh sé muiníneach go bhfaigheadh mo dhuine foinse uisce le tobar a chur ar siúl. Bhí sé cinnte dearfa faoi a d’fhreagair sé mar nach raibh an rud ceannann céanna déanta aige ar son a dhearthár deich mbliana ó shin agus an tobar ag feidhmiú go breá ó shin agus neart uisce le fáil uaidh fós.
Shiúil an altra soir agus shiúil sé siar, shiúil sé ó thuaidh agus shiúil sé ó dheas – an crochadán éadaigh ina lámh aige agus é múnlaithe aige i gcaoi áirithe. Stop sé ó ham go chéile agus chuir sé cloch measartha mór ar an talamh. Tháinig sé chuige ó gach aird agus é ag déanamh measúnú ar an áit áirithe sin. Faoi dheireadh thiar thall, d’fhógair sé gurbh é an marc sin an áit ina raibh roinnt aibhneacha faoi thalamh ag teacht le chéile. An rud a bhí ag tarlú ná go raibh an crochadán ag bogadh ina láimhe nuair a mhothaigh sé an uisce faoi thalamh.
Stad sé ina sheasamh díreach os cionn an mhairc sin agus bhí sé soiléir go raibh sé ag déanamh machnaimh ar rud inteacht. Mhínigh sé dúinn go raibh sé ag comhaireamh agus nuair a shroich sé uimhir éigin, bogadh an crochadán agus gurb é sin an doimhneacht ar gá dul síos chun an uisce a aimsiú agus nuair a chomhairigh sé arís go raibh an figiúr sin don mhéid uisce i ngalún gach uair a fhaighfaí ón tobar. Creid é nó ná creid é! Rinneas féin iarracht é a dhéanamh ach níor bhog an crochadán domsa!