By Seán O’Duibhir

 

 

Transcript

Fadó, thart timpeall an bhliain 1955, d’iarr fear a bhí pósta le m’aintín Mai, dul ar an traen mar fhéirín dom, chun dul go Cluiche Cheannais na Mumhan idir Thiobraid Árann agus Corcaigh d’fheiscint i Luimneach. Willie Walsh ab’ ainm dó agus bhí Stockings Walsh mar leas-ainm air. Bhí teach tábhairne aige féin agus a bhean chéile i Sráid na Manach díreach trasna ón séipéal i gCaiseal Mumhan.

Bhí an traen ar tí imeacht as an stáisiún nuair a dúirt Willie nach raibh a spéaclaí ina phóca aige, ach fágtha sa bhaile. D’iarr sé orm rith chomh tapaidh is féidir liom go dtí a thig chun na diabhal spéaclaí a fháil. Is beag an dara rogha a bhí agam ach tabhairt faoi.

Só as go brách liom ar nós na gaoithe, suas tré na haillí taobh amuigh de Charraig

Chaisil. Ansin síos Sráid Tobair Mhuire le luas giorria, ag bun na sráide casadh ar chlé

agus suas Sráid na Manach, mo cheann scríbe bainte amach agam (An áit ina bhfuil

Foley’s Bar san lá atá inniu ann.) Fuaireas na spéaclaí beannaithe agus away liom ar m’aistear fillte, míle ar a laghad go dtí  an stáisiún traenach. Nuair a shroich mé an stáisiún bhí mé traochta, caite amach ar fad.

Nuair a thugas na spéaclaí cáiliúla do Willie séard a duirt sé liom ná

“That’s great, now I can do the crossword on The Sunday Press!”.

Is beag nár bhuail mé Willie le mo dhorn, bhí fearg an domhain orm mar shíl mé

go raibh a spéaclaí ag teastáil uaidh chun an cluiche d’fheiscint. Fiú amháin anois nuair  a smaoiním ar an lá úd agus an Rith Mór a b’éigean dom a dhéanamh, cuireann sé déistean orm fós.

Chomh fada is eol dom do b’é sin an traen deireanach as Caiseal Mumhan go

Crosaire an Gúlaigh. Thosnaigh an iarnród sin i 1904 agus chríochnaigh sé i 1954, sé sin le rá nár lean an seirbhís ach ar feadh leath-chéad bliain. Tá An Foinse ag bun An Phríomh Sráid á chomóradh oscailt an bhóthair Iarainn sin.