By Pilib Ó Duinn

 

 

Transcript

Deirtear go bhfuair an duine deireanach bás i dtroid fhaicseanaíochta i gCeapach na bhFaoiteach sa bhliain 1887. Fear darb ainm dó Mullally ‘Russian’ Buckley – leasainm a tugadh air de bharr a airde agus a mhéid.

Troideanna a bhíodh iontu ar fud na tíre – go háirithe ar lá aonaigh nó ar lá pátrúin. Bhíodh na troideanna fíochmhara seo idir bhuíonta ó cheantracha difriúla – bunaithe ar bhonn mhasla deimhnithe nó mhasla a ceapadh a bheith ann. Throid na faicsean mar go raibh dúil phaiseanta acu sa throdaíocht! Bhíodh ainmneacha mar Caravats, Shanavests, Guag Boys, Reaskawallaghs agus Bogboys and Tubbers ann.

Ní raibh sé ceadaithe ag trodaí ar bith bean a bualadh- cé gur ionsaigh na mná na trodaithe go fíochmhar!

Úsáideadh bataí sna troideanna – bhíodh éagsúlacht ag baint leo – cuid acu le luaidhe isteach iontu!

Sna nóchaidí, cinneadh ar throid faicseanaíochta a athachtú mar chuid de Fhéile Dheireadh Seachtaine Chumann Lúthchleas Gael i gCeapach na bhFaoiteach. Scríobh agus léiríodh mo bhean chéile, Cáit, an script agus bhí thart ar chaoga aisteoir páirteach ann. Rinneadh taighde ar an bhfeistis agus na huirlisí a bhain leis an tréimhse sin. Tá leabhar clúiteach “ The Irish Faction Fighters of the 19th century “ scríofa ag an údar, Patrick O’Donnell, agus tháinig sé go Ceapach na bhFaoiteach cúpla uair mar aoí speisialta ag an deireadh seachtaine.

Athachtadh an troid agus an cás cúirte a tharla ina dhiaidh an eachtra – cás cáiliúil ina thug an breitheamh an breithiúnas “ nárbh chuí go bhfreastalódh fear le blaosc tanaí ar an aonach i gCeapach na bhFaoiteach!” Saoradh an fear a cúisíodh de bharr an ‘Russian’ Buckley a dhúnmharú.

Taispeánadh an dráma gach bliain ag an bhFéile le haghaidh ceithre bliana (1993-6) agus rinneadh dráma bolscaireachta gearr ar Shráid Grafton i mBaile Athá Cliath. Léiríodh an dráma in áiteanna éagsúla chomh maith – an ceann ba mhó i Staid Yonkers i Nua Eabhrach. Thaistil níos mó ná caoga duine ó Cheapach na bhFaoiteach go dtí na Stáit Aontaithe mar chuid den deireadh seachtaine “Lá ar an bPortach 1995“ agus chaitheamar ocht lá thall. Bhí go leor suime thall ar an ócáid le drámaí agus taispeáintais Ghaelach eile ar siúl – baint móna, faire (tórramh), crú na mba, cur fataí, déanamh arán baile agus araile. Rinneadh scannánaíocht ag RTÉ ar chuid bheag den dráma le haghaidh an chláir “Nationwide“ agus, ar ndóigh, tá sé ar fáil sa chartlann RTÉ.

Bhíodh an Eaglais Caitliceach go mór in aghaidh na dtroideanna agus cáineadh go láidir iad ón altóir – gan éifeacht ar feadh na mblianta. Scríobhadh go bpléadh an fhadhb thall san Róimh uair amháin!

Ar dheireadh thiar thall, tar éis an eachtra i gCeapach na bhFaoiteach, cuireadh deireadh leis agus tháinig an Cumann Lúthchleas Gael i réim. Is cosúil go raibh baint mhór ag an gCumann sin agus críoch na troda faicseanaíochta.