By Dónal McGettigan

 

 

Transcript

Bíonn siúlach, scéalach.

Táim ag siúl idir Dhroichead Lafáin agus Na Cillíní, bóthar cúng go leor, áit iargúlta ach draoíchtúil ag an am céanna, ag dul trasna an sean bhóthair iarainn, Bord na Móna.

D’iompaigh mé ar chlé, ar thaobh amháin, an portach atá athfhliuchadh faoi láthair.

Samhlaigh duit féin é, ag dul siar, na hinnil mhóra ag baint na móna chun dul isteach go dtí an mhonarcha, ag taisteal ar an mbóthar iarainn, ar a bhfuilim i mo sheasamh.

Ag siúl níos faide, na féileacháin ag eitilt timpeall, Red Admiral, Painted Lady, Holly Blue, na dathanna éagsúla, oráiste, bán dearg, gorm, meascán aoibhinn idir an spéir ghorm, an t-aiteann buí, agus an fraoch corcra. Cadás phortaigh ag séideadh, ag scaipeadh, mothaím an portach ag bogadh leis an gcadás bán, ag dul síos suas, thall agus anall, na beacha, dubh agus buí ar thóir neachtar, meascán idir an timpeallacht agus an nadúr. Suaimhneas don chorp agus anam.

Táim beagnach míle istigh ón mbóthar, ag dul trasna bóthar iarainn arís, ní hé Bord na Móna, ach C.I.E.

Samhlaigh duit féin é arís. Cloisim an ghlór, thud, thud, an siúcra biatais ag dul isteach sna vaigíní ón ardán sna staisiúin traenacha. Droichead Lafáin agus An Marcach.

 

Taibhsigh Arís.

An staisiún traenach i nDroichead Lafáin, plódaithe le daoine, idir óg agus aosta, fir agus mná, lucht leanúna Thiobraid Árann ag dul go dtí cluiche ceannais na hÉireann 1962 idir Thiobraid Árann agus Loch Gorman, ár laoch mór, Tom Ryan ag imirt.

“As McKenna tore as in days of yore and to Ryan he passed the ball and we’ll never forget how it shook the net by the man from Killenaule”.

Ar ais arís, an t-oileán i lár an Phortaigh, ag siúl suas go dtí an barr, na bailte fearainn ós mo chomhair.

Na Cillíní, Buaile Ghréine, Cnoc an Bhardaigh, Cúl na gCopóg, Baile an Ghraeigh, Curraichín, An Lorga, Lios Caoimhín, Baile an Fhantaigh, Gleann an Ghuail, nach deas na hainmneacha iad go léir.

Tugann na hainmneacha eolas faoin áit agus na daoine a bhí ag maireachaint ann na céadta bliain ó shin.

Mar shampla, Gleann an Ghuail, an mianach ghuail Bhaile an Gharraí ,na mianadóirí ag tochailt faoi thalamh, an anthracite a bhaint amach, Davy Lamps a chaitheamh acu. Solas ón dorchadas.

Samhlaigh na buachaillí agus na cailíní ó Bhaile an lúir, An Ghrallagh, Lorga, ag súgradh, ar thóir taisce, ag scríobh don Bhailiuchán na Scol 1937-1939 faoin Ghobán Saor, an taisce faoi thalamh.

Staisiún Traenach Droichead Lafaín dúnta.

An Marcach dúnta.

Monarcha Siúcra Éireann Dúrlas Éile dúnta

Bord na Móna dúnta

An mianach dúnta.

Dul chun Cinn N’ Fheadar.

 

Ach fós tá Doire na bhFlann beo, ag seasamh go maorga, brodúil, cumhachtach, spioradálta i lár an phortaigh, ina aimsíodh cailís Dhoire na bhFlann. (1980)

Mothaím na Mánaigh ag bogadh timpeall ag guí chun Dé, an chailís i bhfolach sa phortach, slán ó na Lochlannaigh.

Nasc idir na glúnta.

 

Tá macasamlail cailís Dhoire na bhFlann á thaispeáint san ionad fáilte, Óstán Baileys i gCaiseal Mumhan.

Is fiú í fheiscint.

Dónal Mac Eiteagáin

Cill Náile.