By Máire Ní Riain
Nuair a bhí me óg fadó chaith me alán ama ag súgradh ar Charraig Naomh Pádraig. I rith an tsamhraidh chuaigh me féin agus mo chairde ag rothaíocht i gCaiseal chun dul suas ar an gCarraig. Ag an am sin bhí tú abalta dul i ngach áit. Bhíomar in ann dul suas agus síos staighre. Chuamar suas agus thar na ballaí. Ní dheachamar isteach on doras tosaigh riamh. Bhíomar in ann dul thar an mballa ar chúl na Carraige.
Dhreapamar an túr mór agus bhí an radharc aoibhinn álainn. D’fhéadfá na páirceanna agus na tithe a fheiceáil ó na mílte thart timpeall.
Lá amháin nuair a bhí me cúig bliana déag d’aois chuaigh me féin agus mo chol ceathrar Fiona thar an mballa. Ní dhéanfadh aon rud dúinn ach dreapadh suas go barr binn na Carraige. Bhí daoine cosúil le seangáin ar an talamh. Bhíomar thuas an-ard. Ach nuair a dhreapamar trasna na binne fuaireamar amach go raibh bac air. Bhí eagla an domhain orm ansin mar bhí orainn dul trasna an binn arís. Scaoil mé. Theastaigh uaim glaoch a chur ar an mBriogáid Dóiteáin chun sinn a thabhairt síos. Thosaigh mé ag béicíl ar na daoine a rá leo glaoch a chur ar an mBriogáid Dóiteáin ach bhíomar ró ard agus ní raibh siad in ann mé a chloisteáil. Tar éis tamaill thosaigh muid ag dreapadh ar ais thar an mbinn. Fuair muid síos go sábháilte.
Bhíomar ag crith.
Cheannaigh me féin agus Fiona paicéad toitíní agus chuamar go dtí Alice’s Bistro agus d’ólamar caife agus chaitheamar a lán toitíní.
Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar on lá sin.