By Pat Russell
Transcript
Bím de shíor ag gabháil mo bhuíochais do’n Tiarna gur sheol sé mé blianta fada ó shin go dtí Caiseal Mumhan agus mé im’ spailpín fánach ar thóir oibre. Is i gCaiseal Mumhan a casadh orm an cailín álainn a thug an oiread sin sonas agus draíocht isteach i mo shaol. Tá sí imithe ar shlí na fírinne le fada an lá, ach braithim i gcónaí í le mo thaobh ag cabhrú liom agus ag déanamh mo leasa.
Proinnsias Ó h-Aodhagáin ab’ ainm dá hathair nó Frank Egan i mbéal an phobail, fear a tháinig ó Chorca Dhuibhne agus a chaith 45 bliain ag múineadh trí ghlúin de bhuachaillí ins an sean-scoil náisiúnta. Ní raibh aon trácht ar an gcomhoideachas sa tréimhse sin! Do phós sé cailín ón mbaile mór, agus nuair a fuair sé bás agus 90 bliain slánaithe aige do dhein gach fear, bean agus páiste ar an mbaile é a thionlachan go dtí a uaigh sa reilig laistiar de shéipéal an bhaile móir.
Tá grá mo chroí imithe ar slí na fírinne chomh fada san anois nach mbeadh cuimhne uirthi a thuilleadh ach ag dream beag ar an mbaile, ach fanfaidh Frank Egan i gcuimhne gach fear i gCaiseal go bhfuil an leath-chéad no breis slánaithe aige. Ins an ré sin b’é an sagart paróiste an príomh duine ar an mbaile mór agus cúram na n-anam aige, agus sa dara áit an dochtúir agus cúram na gcorp air, ach b’é Frank Egan an triú ainm ins an ciorcal beag sin.
Is cuimhin le gach dalta d’ár gcuaidh fé’n a lámha na h-uair spreagúlla a chaith siad ina theannta i seomra na ranga ach freisin na siúlóidí a deineadh sé leo chun breathnú ar an dúlra. Bhí ainm aige do gach planda agus gach luibh agus gach éan sa spéir, agus mairfidh an t-eolas sin ina n-intinn go deo.
Solas na bhFlaitheas d’á anam breá Gaelach!