By Pilib Ó Duinn
I mí an Mheithimh 2005, thug naonúr ó Chumann Sléibhteoireachta na mBeanna, Cluain Meala faoi na sléibhte os cionn 3000 troigh in Éirinn a dhreapadh in aon lá amháin! Tiománadh an naonúr ó Chluain Meala go dtí an fochla taobh leis An Clochán i gCorca Dhuibhne. Shroicheamar an áit faoi dhorchadas ag a haon déag an chloig istoíche. Bhí an láthair ag cur thar maoil le míoltóga agus iad ag cothú go sásta orainne! Bhí sé ar intinn againn tosnú ag meán oíche ach tar éis tamaillín bhí sé soiléir go gcaithfeadh muid bogadh go luath. Thosnaíomar ag leath uair tar éis a haon déag an chloig.
Níor bhaineamar úsáid as ár gceannsoilse mar ba oíche lánghealach a bhí ann. Leanamar ar aghaidh ar cosán thar na locha ‘paidrín’ go dtí cúlbhalla an coum. Dhreapamar ar chosán géar go dtí gualainn Bhréanainn agus ar aghaidh go dtí an barr. Bhí radharcanna amach ar an bhfarraige ar dhá thaobh dínn. Ar ais chuig an fochla ar mhalairt treo. Thart ar dhá uair go leith.
Tiomáineadh muid go dtí bothairín Lios Leadhbáin gar do na Cruacha Dubha. Dhreapamar Binn Chaorach agus trasna iomaire géar go barr Chorrán Tuathail agus trasna iomaire cothrom go leor go Cathair na Féinne – ar a bhfuil trí bharr. D’fhilleamar ar ais go gualainn Chorrán Tuathail agus síos go Cnoc na Toinne thar bharr ‘Dréimire an Diabhail’. Tá iomaire ansin a théann go Cnoc an Chuilinn, An Maolán Buí, Cnoc na Péiste, The Big Gun agus Chruach Mhór. Thángamar anuas ansin go Com Caillí, as sin go iothlann Uí Chróinín agus bhí na gluaisteáin ag fanacht linn. Thóg sé sé huaire agus trí cheathrú an méid sin a shiúl.
Thriaileamar ar chodladh a dhéanamh sa chairt – níor éirigh rómhaith linn agus bhíomar ag ithe pasta, ceapairí agus barraí fuinnimh. Bhíomar ag ól go rialta agus muid ag siúl. As sin go dtí ‘An Bóthar Dubh’ i gCo. Luimnigh. Bhíomar ar shleasa thuaidh Chnoc Mór na Gaibhlte. Téann an cósán ó dheas go dtí an mám idir Cnoc Mór na Gaibhlte agus Gaibhlte Beag. Aníos go dtí an barr ón stad sin agus leanamar an bealach céanna ar ais go dtí na gluaisteáin. Thart ar dhá uair go leith ar an tsiúlóid.
Bhí sceitimíní orainn anois mar ní raibh ach Log na Coille i gCill Mhantáin le dreapadh againn. Chuamar go dtí Gleann Uí Mháil – áit ina bhfuil campa míleata d’Arm na hÉireann lonnaithe. Thosnaíomar ag a leathuair tar éis a naoi agus bhí céiliúradh beag againn ag an gceann scríbe – sular thángamar ar ais go dtí na gluaisteáin ag leath uair tar éis a deich agus ar aghaidh leis an aistear chuig tigh tábhairne Eldon’s i gCluain Meala. Fiú go raibh éacht mór déanta againn, ní raibh fonn codlata orainn go fóill. Tar éis tamaillín, thiomáin mé mo bhean chéile (an t-aon neach baineann a rinne an t-éacht) agus mé féin abhaile agus chodlaíomar go headra.