By Mary Butler

 

 

Transcript

Im’ shuí ar chloch anseo i Reilig Chormaic i gCaiseal na Rí, agus ag breathnú ar chlocha cinn mo mhuintir, Clann Uí Daibhéid (as Bearla – sé sin Devitts ), ritheann sé liom gur fada an t-aistear atá déanta ag an gclann sin, ó d’fhágadar Inis Eoghain, beagnach cúig chéad bliain ó shin.

Le linn m’óige i mBuireas Uí Luigheadh, ba mhinic m’athair ag maíomh sna hoícheanta fada scéalaíochta cois tine, gur ó lucht tacaíochta na n-Iarlaí i dtuaisceart na tíre, as a shíolraigh muidne. Ach faraor, raiméis a bhí ann, dár liom. Níor ghlac mé aon aird ar bith air.

Thar na blianta, gheobhainn teachtaireachtaí agus litreacha ó mo ghaolta thar lear, do mo cheistiú faoi ghinealais mo chlainne. Níl an scéal soiléir, ach de réir na scéalaithe, agus na n-amhrán agus na sean-staire, b’é Daibhí Ó Dochartaigh a bhunaigh an dream úd sin-Dáibhéad , sa bhliain mílùe dhá chéad is a hocht, ar Inis Eoghain, i nDún na nGall.

Na blianta fada ina dhiaidh sin, bhí Éire faoi scamall an bhróin. De réir a chéile, rinne na Sasanaigh cos ar bholg ar an tír ar fad, agus iad ag iarraidh na Tiarnaí Gaelacha a dhíbirt as an tuaisceart-Aodh Ó Néill agus Aodh Rua Uí Dhomhnaill. Faraor, ní raibh aon dul as ag na hIarlaí agus a lucht leanúna (na Dáibheid ina measc) ach dul ar aistear mór fada contúirteach go Cionn tSáile, chun cabhrú leis na Spáinnigh a bhí chun an ruaig a chur ar an namhaid marfach. I mo thuairim, is í an mhairseáil fhada seo ó thuaisceart na tíre go deisceart na h-Éireann, ar cheann de na himeachtaí is cáiliúla i stair ár sínsear. Ní fhéadfadh an aimsir a bheith níos measa dóibh, an Geimhreadh fuar sin.

Ar an drochuair, theip ar na hUltaigh an lámh in uachtar a fháil ar an namhaid, agus d’fhilleadar ó thuaidh, gan chabhair ó na daoine mór le rá i Mumhan a bhí faoi rabhadh ón Rí gan lámh chúnta a thabhairt dóibh.

Ach maidir le mo mhuintir, Dáibhéid- shocraigh dornán daoibh cur futhu i gCill Comáin, Tiobraid Árann. Baineann an logainm Fáill Mhathúna Mhór leo siúd. Is dócha gur bhfaca cuid daoibh giota talún i mBuireas Uí Luigheadh, agus lonnraíodar ansan. I ndeireadh na dála, bhain duine no dhó Caisleán na Rí amach agus is anseo a tháinig rath ar an gclann úd sin. Ghlac said ról gníomhach i ngéilleagair an bhaile seo-Caiseal na Rí.

I mo shuí fós anseo sa reilig agus mé ag machnamh ar lorganna mo mhuintire- Mhaireadar agus shiúileadar anseo i sráideanna an bhaile- Tobar Mhuire, Sráid Eoghain, Bóthar na gCloch , Bóithrín Bocht agus d’fhágadar a riain. Creid é nó na creid, bhí An Tír Tairngire bainte amach acu! Agus taibhsítear dom go raibh crógacht, neart, dílseacht agus fiú amháin draíocht le feiscint i stair mo mhuintire ó bhogadar ó Inis Eoghain go Caiseal na Rí.